Neansai Mhile Gra - Clannad

Neansai Mhile Gra - Clannad

Альбом
Clannad In Concert
Год
2005
Язык
`irlandzki`
Длительность
293830

Poniżej tekst piosenki Neansai Mhile Gra , wykonawca - Clannad z tłumaczeniem

Tekst piosenki „ Neansai Mhile Gra ”

Oryginalny tekst z tłumaczeniem

Neansai Mhile Gra

Clannad

A Neansaí, 'mhíle grá, a bhruinneall 'tá gan smál

Go bhfeice mise’n t-ádh 'gus an séan ort

Ba ghile do dhá láimh ná cúr geal na trá

Ná'n eala 's í a' snámh ar an Éirne

Is glaise liom do shúil ná braon beag den drúcht

Is binne liomsa tú ná na téadaí

'S mur' n-éalaí tusa liomsa titfidh mé i lionndubh

'Gus cuirfear insa chill 'do dhéidh mé

Is iomaí sin guth mná a chluinimse 'ngach aird

Abhus agus taobh thall den Éirne

Go Corcaigh na gCuan 's go Béal Ath' na Sluaigh

'Sí Neansaí 'thug bua ar a' méid sin

A Mhuire 'gus a Dhia, nárbh aoibhinn deas é'r saol

Dá mbeinnse agus í le chéile?

Tráthnóna aoibhinn ciúin, ó mise 'gus mo rún

Ag cogarnaíl ar uaigneas sléibhe

Beir litir uaimse suas chuig Neansaí chaoin na gcuach

Is aithris di gur buartha atá mé

Aithris di arís nach gcodlaím féin aon oíche

Le harraing atá trí mo thaobh deas

Aithris é dá súil, aithris é dá cúl

Aithris é dá méin mhaith chéillí

Aithris é dá ceann 's dá béilín atá binn

Gur ghiorraigh sí go cinnte mo laetha'

Ponad 2 miliony tekstów piosenek

Piosenki w różnych językach

Tłumaczenia

Wysokiej jakości tłumaczenia na wszystkie języki

Szybkie wyszukiwanie

Znajdź potrzebne teksty w kilka sekund