Nuair a Bhí Mise Óg - Aoife Ní Fhearraigh

Nuair a Bhí Mise Óg - Aoife Ní Fhearraigh

Альбом
Aoife
Год
2010
Язык
`irlandzki`
Длительность
224330

Poniżej tekst piosenki Nuair a Bhí Mise Óg , wykonawca - Aoife Ní Fhearraigh z tłumaczeniem

Tekst piosenki „ Nuair a Bhí Mise Óg ”

Oryginalny tekst z tłumaczeniem

Nuair a Bhí Mise Óg

Aoife Ní Fhearraigh

Nuair a bhí mise óg

Ó ba dheas is ba dóighiúil

A' scafaire stócaigh mé

'Súil' na mban óg

Bhínn á mealladh 's á bpógadh

Is shiúlainn a' rod leo

'S bhínn carthanach cóir leo

Gan mhairg gan bhrón

Bhíodh rosca gach bruinnil'

A' lasadh le loinnir

'S gach dealramh níos glinne

Le lúcháire romham

'S mo ghuthsa gur bhinne leo

'Chluinstin sa chruinniú

Ná'n píobaire 'seinm

Ó mhaidin go neoin

Och, och, ar a' lá sin

Murab é bhain a' bláth domh

'S é d’fhág mé mar 'tá mé

'Mo chréatúr gan dóigh

'S é chloígh mé 's é chráigh mé

Gur chaolaigh mo chnámha

'S d’fhág meath mar ar mo shláinte

Nach leigheastar go deo

'S iomaí bean álainn

Ó Chorcaigh go Málainn

A chaith seal ar láimh liom

Mo chreach is mo léan

'S mé 'g imeacht gan ábhar

Arís is á bhfágail

Go cloíte lag cráite

Faoi leatrom leo féin

Thit mallacht gach duine acu

'Bhfiormhullaigh 'n chinn orm

D’imigh mo bhláth

'S níor fhan ribe ar mo mhaol

Ach mo sheanbhlagad feannta

Le síon is le haimsir

'Mo chréatúr a' drandán

Fé bhuaireamh a' tsaoil

Ach anois iarraim pardún

Go léir ar na staidmhná

'Bhí cineálta cairdiúil liom

Lá breá den tsaol

Ná táthar a' rá liom

Gur damnaithe 'tá me

'S nach dual domh go brách fáil

Go Flaitheas na Naomh

Ach an n-aidimse 'Dhia

Go mb’fhearr liom go síoraí

'Bheith 'n Ifreann na bPian

I measc cairde mo chléibh

Ná bheith 'bhFlaithis in airde

'Measc túitní cráifeach'

Nach dtuigfeadh a' cás

A d’fhág mise faoi léan

Och, och, ar a' lá sin

Murab é bhain a' bláth domh

'S é d’fhág mé mar 'tá mé

'Mo chréatúr gan dóigh

'S é chloígh mé 's é chráigh mé

Gur chaolaigh mo chnámha

'S d’fhág meath mar ar mo shláinte

Nach leigheastar go deo

Ponad 2 miliony tekstów piosenek

Piosenki w różnych językach

Tłumaczenia

Wysokiej jakości tłumaczenia na wszystkie języki

Szybkie wyszukiwanie

Znajdź potrzebne teksty w kilka sekund