Gleanntain Ghlas Ghaoth Dobhair - Altan

Gleanntain Ghlas Ghaoth Dobhair - Altan

  • Альбом: The Best Of Altan - The Songs

  • Rok wydania: 2002
  • Język: irlandzki
  • Czas trwania: 3:25

Poniżej tekst piosenki Gleanntain Ghlas Ghaoth Dobhair , wykonawca - Altan z tłumaczeniem

Tekst piosenki „ Gleanntain Ghlas Ghaoth Dobhair ”

Oryginalny tekst z tłumaczeniem

Gleanntain Ghlas Ghaoth Dobhair

Altan

Céad slán ag sléibhte maorga

Chondae Dhún na nGall

Agus dhá chéad slán ag an Earagal árd

Ina stua os cionn caor 's call

Nuair a ghluais mise thart le loch Dhún Lúich

Go ciún 'sa ghleann ina luí

I mo dhiaidh bhí Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair

Is beag nár bhris mo chroí

Ag taisteal domh amach fríd chnoic Ghleann Domhain

'S an Mhucais ar mo chúl

Ní miste domh 'ra le brón 's le crá

Gur fhreasach a shil mise súil

Go 'Meiriceá siar, a bhí mo thriall

I bhfad thar an fharraige mhór

D’fhag mé slán ar feadh seal ag Dún na nGall

'S ag Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair

Níorbh é mo mhiansa imeacht ariamh

Ó m' thír bheag dhílis féin

Ach trom lámh Gall, le cluain

'S le feall, a thiomáin mé i gnéill

B'é rún mo chroí-se pilleadh arís

Nuair a dhéanfainn beagán stór

'S deireadh mo shaoil a chaitheamh lem ghaoil

Fá Ghleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair

Slán, slán go fóill a Dhún na nGall

A chondae shéimh gan smál

'S dod gheara breá in am an ghá

Nár umhlaigh riamh roimh Ghall

Tá áit i mo chroí do gach fear 's gach mnaoi

'S gach páiste beag agus mór

Áta beo go buan, gan bhuairt, gan ghruaim

Fá Ghleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair

Ponad 2 miliony tekstów piosenek

Piosenki w różnych językach

Tłumaczenia

Wysokiej jakości tłumaczenia na wszystkie języki

Szybkie wyszukiwanie

Znajdź potrzebne teksty w kilka sekund